Teagascóirí

stephen-darcy
Stephen Darcy

Stiúrthóir amharclainne a bhfuil os cionn 15 bliain caite aige ag aisteoireacht go gairmiúil agus taithí leathan aige i gcúrsaí amharclannaíochta, i gcúrsaí teilifíse agus i scannánaíocht. Stiúir Stephen “One in a Million” le Cathy Forde anuraith, a chuaigh ar camchuairt go Obar Dheathain, Glaschú agus go hAmharclann Traverse i nDún Éideann. Thug Stephen cúnamh do Dominic Hill lena léiriú de “Endgame” in Amharclann Citizens i nGlaschú níos luaithe sa bhliain. Tá Stephen chun a bheith mar stiúrthóir ar dhráma nua atá ag dul ar camchuairt mórthimpeall na hÉireann tar éis na Cásca. Rinne sé forbairt ar scripteanna ar feadh blianta fada in éineacht leis an gcóiritheoir drámaí Lloyd Trott i RADA.

Micheál Ó Domhnaill
Míchéal Ó Domhnaill

Stiúrthóir ar Mheangadh Fibín TV agus duine de bhunaitheoirí Fíbín Teo. Bhí Mícheál i gceannas ar an Roinn Forbartha le Telegael go dtí 2009. I rith an ama sin rinne sé comhchruthú agus comhléiriú ar an trí shraith mór le rá  den dráma ‘Aifric’do dhéagóirí de chuid Telegael. Fuair an tsraith seo an maoiniú is mó san gcéad bhabhta Sound & Vision i 2006.  Tá trí IFTA faighte ag Mícheál ar ‘Aifric’, chomh maith le bheith ainmnithe faoi dhó agus a fuair gradam amháin ó Celtic Media Festival Awards i 2008. Fuair sé an ceathrú IFTA ar an gclár doiciméadach idirnáisiúnta ‘Tall, Dark & Ó hAilpín’.

Is comhbhunaitheoir agus Stiúrthóir Bainistíochta ar Fíbín Teoranta

Darach Ó Tuairisg
Darach Ó Tuairisg

é Darach Ó Tuairisg. Is duine é a bhfuil taithí aige ar aisteoireacht – scannáin agus stáitse, (seacht mbliana le sraith TG4, ‘Ros na Rún’) agus páirteanna aige i léirithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, ina measc, ‘Cré na Cille’. Is é a léirigh gach ceann den 14 léiriú stáitse de chuid Fíbín agus tá sé ag obair ar uimhir 15 agus 16 faoi láthair. Is é a léirigh an tsraith buaiteach ‘Raidió na nÓg’, sraith clár 12 uair an chloig, agus buaiteoir ‘Business to Arts Award’ 2008.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: