Tá Sárscoil Drámaíochta Fíbín ar ais don seachtú bliain as a chéile agus muid ar thóir scoláirí idir 15-17 bliain d’aois ó cheantair Ghaeltachta agus Ghalltachta ó thuaidh agus ó dheas den teorainn chun páirt a ghlacadh ar an gcúrsa. Beidh Sárscoil Fíbín ar siúl i gConamara ón 3-14 Iúil 2017. Más spéis leat taithí aisteoireachta/drámaíochta a fhoghlaim seo é an cúrsa duit!! Fogrófar ionaid do na héisteachtaí go luath nó is féidir leat físeán gearr duit féin a sheoladh isteach ag aisteoireacht as Gaeilge ar YouTube/r-phost/Vimeo/Dlúthdhiosca cibé caoi is fearr leat chun seans a bheith agat áit a bhaint amach ar an gcúrsa ag sarscoilfibin@gmail.com.
Íoslódáil foirm eolais anseo sarscoil-fibin-samhradh