Tá Sárscoil Fíbín ar ais……ach faoi Shamhain i mbliana do lucht na hIdirbhliana – Lean ort ag léamh!!
Cúrsa A: 20 Samhain – 24 Samhain
Cúrsa B: 27 Samhain – 1 Nollaig
Ar mhaith leat-sa sraith drámaíochta teilifíse a scríobh do TG4 nó Netflix..?
Ar mhaith leat a bheith ag aisteoireacht ann – nó á stiúradh fiú..?
Sárscoil Samhna 2017
Dianchúrsa cónaitheach
Drámaíoctha + Scríbhneoireachta
do dhaltaí Idirbhliana
Tapaigh do dheis anois le linn na hIdirbhliana chun dianchúrsa seachtaine a dhéanamh leis an Scríbhneoir agus Stiúrthóir drámaíochta aitheanta Darach Mac Con Iomaire ar an gCeathrú Rua i gcroílár Chonamara áit a mbeidh deis agat bualadh le scríbhneoirí agus aisteoirí óga eile ó ar fud na tíre i bhfóram fuinniúil, spraoiúil agus spreagúil.
Tá an Sárscoil speisialta seo dírithe ar dhaltaí Idirbhliana a bhfuil suim ar leith acu i gcúrsaí drámaíochta stáitse nó teilifíse agus a bhfuil fonn orthu taithí agus léargas ghairmiúil a fháil ar cé mar a fheidhmíonn an earnáil seo agus iad ag forbairt a gcuid scileanna aisteoireachta, scríbhneoireachta agus cruthaitheachta.
Beidh dhá dhianchúrsa ar bun i mí na Samhna 2017:
Cúrsa A: Dé Luain 20 go hAoine 24 Samhain.
Cúrsa B: Dé Luain 27 go hAoine 1 Nollaig.
Costas €350 atá ar an gcúrsa a chlúdaíonn lóistín, bia agus costas an chúrsa féin.
Is ar bhonn éisteachta a roghnófar na rannpháirtithe agus ní thabharfar ach cuireadh do 25 dalta ó ar fud na tíre freastal ar na cúrsaí seo. Ní féidir ach le beirt ó aon scoil amháin freastal ar an gcúrsa céanna.
Tá taithí ar leith ag Darach Mac Con Iomaire a bheith i mbun ceardlanna drámaíochta le daoine óga agus tá sé aitheanta de bharr a chuid fuinnimhe agus an spreagadh a thugann sé do dhaoine. Is é a scríobh agus a stiúraigh an tsraith drámaíochta teilifíse Corp+Anam a ghnóthaigh dhá ghradam IFTA agus iliomad gradaim Oireachtais agus Ceilteach.
Más spéis leat a bheith páirteach sa Sárscoil Samhna seo, déan teagmháil le Fíbín @ 087 2995452 nó www.fibin.com
—————————————————————————————————————————————–
Sárscoil Fíbín don Idirbhliain – Feabhra/Márta 2017
Ceardlann faoi thaifeadadh ar fhón póca, Ceol & Amhráin Nuachumtha, Charades/Drámaíocht bunaithe ar an tSraith Pictiúir don Ardteist, Siúlóid Dúlra & Oidhreachta, Aisteoireacht ar radhairc ón scrúdú béil…..agus go leor craic agus spraoi ar an ngearrchúrsa seo i nGaeltacht Chonamara.
DÁTAÍ NUA don Chúrsa Píolótach seo:
Cúrsa 1: 27 Feabhra go 1 Márta
Cúrsa 2: 1 Márta – 3 Márta
Costas €100 (Lóistín, bia, na ceardlanna, srl san áireamh)