Eolas faoi Sárscoil Fíbín

Is dianchúrsa aisteoireachta é Sárscoil Fíbín do dhaoine óga le suim in aisteoireacht agus i ndrámaíocht. Ritear an cúrsa go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus bíonn taithí forleathan ag na teagascóirí i gcúrsaí drámaíochta agus teilifíse. Cuireadh tús leis an Sárscoil i mí Iúil 2011 agus d’éirigh linn é a chur ar bun go leanúnach gach bliain ó shin i leith. Reáchtáiltear Sárscoil Fíbín go luath i mí Iúil i gConamara gach bliain agus déanann muid éisteachtaí timpeall na tíre gach bliain chun scoláirí a roghnú chun áit a thógáil ar an gcúrsa. Reáchtáiltear an togra seo le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Advertisements
Molann %d blagálaí é seo: