Sárscoil Fíbín

Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil Sárscoil Fíbín ar ais i mbliana. Ní hamháin go mbeidh deis ag scoláirí snas a chur ar a gcuid Gaeilge ach cuirfear oiliúint orthu i gcúrsaí drámaíochta le saineolaithe amharclannaíochta agus teilifíse ar nós Mícheál Ó Domhnaill (léiritheoir ar an tsraith ‘Aifric’ agus stiúrthóir Meangadh Fíbín TV), Darach Ó Tuairisg (léiritheoir agus stiúrthóir Fíbín Teo), Paul Mercier (stiúrthóir Aifric agus Stiúrthóir Ealaíne Passion Machine) agus neart aíonna eile.

Cúrsa 2013 ar stáiste.
Cúrsa 2013 ar stáiste.

Beidh ceardlanna drámaíochta agus teilifíse ar siúl ina gcuirfear béim ar an gcumadóireacht, ar an aisteoireacht agus ar an scríbhneoireacht. Beidh na scoláirí faoi stiúr na saineolaithe agus cuirfear comhairle orthu ar bhonn rialta. Ag deireadh an chúrsa, beidh deis ag na scoláirí a gcuid drámaí féin a láithriú ar stáitse, rud a chuirfidh go mór le féinmhuinín agus le cur i láthair na scoláirí. Tugtar cuireadh do na meáin, léiritheoirí TG4 chomh maith le tuismitheoirí agus cairde freastal ar an léiriú seo. 
Reáchtálfar 4 chúrsa agus freastalóidh 100 scoláire ar gach cúrsa. Bíonn éileamh an-mhór ar na cúrsaí seo ach ní gá go mbeadh aon taithí aisteoireachta agat. Cuirfear lóistín ar fáil do na scoláirí i gcroílár Chonamara. Beidh na ceardlanna ar siúl gach lá agus cuirfear an-bhéim ar an teanga labhartha. Cabhróidh an tumchúrsa Gaeilge seo leis an scoláirí barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus iad ag foghlaim scileanna nua ag an am céanna.
Mar is eol daoibh, is fiú 40% de mharcanna na hArdteistiméireachta an bhéaltriail agus tabharfaidh sé seo deis do na scoláirí an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh don scrúdú sin.

Má tá aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag 091-505855 nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com

Seo sampla d’obair na Sárscoile i 2013:

Moltaí ó Iarscoláirí

Tommy Mac Diarmada

 

David Ó Síochain

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s