Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil Sárscoil Fíbín ar ais i mbliana. Ní hamháin go mbeidh deis ag scoláirí snas a chur ar a gcuid Gaeilge ach cuirfear oiliúint orthu i gcúrsaí drámaíochta le saineolaithe amharclannaíochta agus teilifíse ar nós Mícheál Ó Domhnaill (léiritheoir ar an tsraith ‘Aifric’ agus stiúrthóir Meangadh Fíbín TV), Stephen Darcy (aisteoir agus stiúrthóir), Paul Mercier (stiúrthóir Aifric agus Stiúrthóir Ealaíne Passion Machine) agus neart aíonna eile.